Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 2:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. I mí Níosán, san fhichiú bliain de réimeas an rí, Artaxarxaes, bhí a chuid fíona os a chomhair; thóg mé suas an fíon agus thug mé don rí é; [roimhe sin] ní raibh mé riamh faoi bhrón ina láthair.

2. Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin

3. agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”

4. “Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?” arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin

5. agus dúirt mé leis á fhreagairt: “Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.”

6. D'fhiafraigh an rí díom ansin - agus an bhanríon ina suí taobh leis: “Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?” D'aontaigh an rí mé a chur ann agus d'inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair.

7. Dúirt mé leis chomh maith: “Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;

8. agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m'iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.

9. Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.

10. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.

11. Tháinig mé go Iarúsailéim dá bhrí sin agus d'fhan mé socair ann ar feadh trí lá.

12. Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 2