Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 10:24-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Hóiséa, Hanainiá, Haisiúb,

25. Halóichéis, Pilcheá, Seobaec,

26. Rachúm, Haiseabná, Másaeiá,

27. Aichíá, Hánán, Ánán,

28. Malúc, Hairím, Báná.

29. Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana -

30. aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n‑uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh.

31. De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.

32. Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha.

33. Tógaimid orainn na dualgais seo leanas: An tríú cuid de sheicil a thabhairt in aghaidh na bliana ar son riachtanais liotúirge Theampall an Tiarna,

34. d'arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha;

35. do na bianna tíolactha, do na híobairtí peaca le leorghníomh a dhéanamh thar ceann Iosrael, do sheirbhísí uile Theampall ár nDé, is é sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 10