Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 1:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Briathra Nihimiá mac Hacailiá. I mí Cisléu san fhichiú bliain [de réimeas Artaxarxaes rí], agus mé i ndúnfort Shúsá,

2. tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t‑iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim.

3. “An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”

4. Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.

5. Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta,

6. tabhair cluas go grinn agus súil go géar do ghuí do shearbhónta, an ghuí atá á déanamh agam chugat anois de lá agus d'oíche ar mhaithe le clann Iosrael, do shearbhóntaí; admhaím na peacaí a rinneamarna, clann Iosrael, i d'aghaidh; pheacaigh mise agus pheacaigh teaghlach m'athar.

7. Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i d'aghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh.

8. Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: ‘Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha;

9. ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’

10. “Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d'fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan.

11. A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 1