Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 5:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún(i measc a lán pobal),mar leon i measc ainmhithe na foraoisenó mar liopard i measc tréada caorach.Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreachagus stróiceann sé as a chéile íagus ní sciobfar uaidh í go deo.

8. Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairdeagus díothófar do naimhde go léir.

9. An lá sin - a deir an Tiarna - dísceoidh mé na capaill atá agatagus scriosfaidh mé do chuid carbad.

10. Scartálfaidh mé bailte do thíreagus leagfaidh mé do dhúnta uile.

11. Bainfidh mé do chuid orthanna as do láimhagus ní bheidh aon draoi agat feasta.

12. Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agatagus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos módo dhéantús do lámh féin.

13. Stoithfidh mé do chuaillí naofaaníos as an talamhagus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch.

14. Le confadh feirge imreoidh mé díoltasar na ciníocha nach ngéilleann dom.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 5