Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 2:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóideagus ag beartú oilc ar a leaba.Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iadmar is acmhainn dóibh é.

2. Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad;cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu;déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach;creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

3. Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo:Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilcnach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh;ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feastaa dhonacht is a bheidh an uain.

4. An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo:“Táimid scriosta go hiomlán;tá fearann mo phobail á thomhas le dorúagus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo;tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

5. Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibhchun dorú a leagan daoibhar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.

6. “Ná déanaigíse praeitseáil” - sin é a bpraeitseáil siúd -“Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo;ní thógfar an náire chun siúil go deo.”

7. An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib?An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna?An é sin an rud is nós leis a dhéanamh?Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sélena phobal féin Iosrael?

8. Mar sin féin, ní sibhse mo phobal;éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde;baineann sibh a fhallaing den duine síochántaagus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.

9. Díbríonn sibh bantracht mo phobailamach as a dtithe breáthaagus baineann sibh dá leanaían gradam a bhronn mise orthu.

10. “Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo].Ní ionad sosa daoibhse é seo!”Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthuar rudaí suaracha.

11. Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréagagus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí”- sin é an sort duine a bheadh ina fháidhag na daoine seo.

12. Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir;baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile;déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobhmar chaoirigh i locnó mar thréad ar féarachsa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 2