Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 1:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],óir d'aimsigh sé Iúdáagus bhain sé amach geata mo phobailagus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

10. Ná fógraígí é seo i nGat;ná siligí deora [i mBáca];déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!

11. Séidigí an stoc,a áitritheoirí Shaifír!Ní bhogann áitritheoirí Zánánamach as a mbaile.Tá Béit Eizéil faoi bhrón;tógfar uait gach taca.

12. Conas is féidir le háitritheoirí Mhárótbheith ag súil lena slánú;mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarnafad le geataí Iarúsailéim féin.

13. Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid,a áitritheoirí Láicís!(Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón;óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)

14. Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat.Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amachina n‑ábhar meallta do ríthe Iosrael.

15. Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh,a áitritheoirí Mháraeiseá.Scriosfar Adulám go deoar nós ghlóir Iosrael.

16. Bearr thú féin agus lom do chuid gruaigemar gheall ar do chlann mhac ionúin.Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh;óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 1