Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Míocá 1:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.

2. Éistigí, a phobala uile;cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann.Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidhnuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.

3. Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaitheagus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.

4. Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosamar chéir os comhair na tinenó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.

5. De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léirde dheasca pheaca theaghlach Iosrael.Agus céard é coir Iacóib?Nach í an tSamáir í?Agus céard é peaca theaghlach Iúdá?Nach í Iarúsailéim í?

6. Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir,áit a chuirfear faoi fhíniúna.Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleannnó go nochtfar an bhunsraith.

7. Brisfear a dealbha uile;dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine;déanfaidh mé smidiríní dá híola uile.Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iadagus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.

8. Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagónagus a rachaidh mé cosnochta lomagus a mbéicfidh mé ar nós na seacálagus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.

9. Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],óir d'aimsigh sé Iúdáagus bhain sé amach geata mo phobailagus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

10. Ná fógraígí é seo i nGat;ná siligí deora [i mBáca];déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!

11. Séidigí an stoc,a áitritheoirí Shaifír!Ní bhogann áitritheoirí Zánánamach as a mbaile.Tá Béit Eizéil faoi bhrón;tógfar uait gach taca.

12. Conas is féidir le háitritheoirí Mhárótbheith ag súil lena slánú;mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarnafad le geataí Iarúsailéim féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Míocá 1