Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Malaicí 3:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: ‘Conas a fhillfimid?’

8. An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!

9. Tá mallacht agus eascaine curtha oraibh toisc go ndéanann sibh, an pobal seo agaibhse ina iomláine, calaois orm.

10. Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.

11. Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.

12. Fógróidh na ciníocha go léir gur méanar daoibh toisc go ndéanfar tír thaitneamhach díbh, a deir Tiarna na Slua.

13. “Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’

14. Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?

15. Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”

16. Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.

17. “Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.

18. Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.

19. “Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua.

20. Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m'ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla.

21. Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua.

Léigh chaibidil críochnaithe Malaicí 3