20. Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m'ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla.
21. Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua.
22. “Coimeádaigí cuimhne ar dhlí Mhaois, mo sheirbhíseach; óir, is dó a thug mé dlíthe agus reachtanna ar Horaeb i gcomhair Iosrael go léir.
23. “Féach! Tá sé beartaithe agam an fáidh, Éilias, a chur chugaibh sula dtiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.
24. Iompóidh sé croí na n‑aithreacha i leith a gclainne agus croí na clainne i leith a n‑aithreacha ar eagla go dtiocfainn agus mallacht a chur ar an tír.”