Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Malaicí 3:2-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé? Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire.

3. Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d'íobróirí iontu ag an Tiarna.

4. Ansin, beidh íobairt Iúdá agus Iarúsailéim taitneamhach leis an Tiarna faoi mar a bhí sí anallód, na blianta fada ó shin.

5. Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.

6. “Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí!

7. Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: ‘Conas a fhillfimid?’

8. An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!

9. Tá mallacht agus eascaine curtha oraibh toisc go ndéanann sibh, an pobal seo agaibhse ina iomláine, calaois orm.

10. Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.

11. Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.

12. Fógróidh na ciníocha go léir gur méanar daoibh toisc go ndéanfar tír thaitneamhach díbh, a deir Tiarna na Slua.

13. “Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’

14. Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?

15. Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”

16. Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.

17. “Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.

18. Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.

Léigh chaibidil críochnaithe Malaicí 3