Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Malaicí 2:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”

10. Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?

11. Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.

12. An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua.

13. Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor - le caoineadh agus le cneadach - toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n‑ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó.

14. Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.

15. Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.

16. Má chuireann fear a bhean chéile uaidh toisc gur gráin leis í, smearann sé a chuid éadaigh le foréigean; mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná bígí mídhílis, a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael.

17. Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”

Léigh chaibidil críochnaithe Malaicí 2