5. Conradh beatha agus síochána a rinne mé leis, mar bhronn mé air iad mar aon le croí urramach ionas go dtabharfadh sé urraim dom agus go nglacfadh uamhan agus uafás é roimh m'ainm.
6. Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.
7. Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.
8. “Ach i dtaca libhse de, d'imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua.