1. “Anois, a shagarta, is in bhur n‑aghaidhse an bhreith seo:
2. Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.
3. Féach! Táim chun bhur sliocht a dhísciú; caithfidh mé cac san aghaidh oraibh - cac bhur bhféilte sollúnta féin - agus tógfar sibhse chun siúil mar aon leis.
4. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise a thug an bhreith seo in bhur n‑aghaidh ionas nach seasfadh an conradh a rinne mé le Léiví níos mó, a deir Tiarna na Slua.
5. Conradh beatha agus síochána a rinne mé leis, mar bhronn mé air iad mar aon le croí urramach ionas go dtabharfadh sé urraim dom agus go nglacfadh uamhan agus uafás é roimh m'ainm.
6. Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.