Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 9:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin.

9. Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.

10. Saill an íobairt pheaca, na duáin agus an meall saille ar an ae, loisc sé ar an altóir iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

11. Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.

12. Mharaigh Árón an t‑íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.

13. Ansin thugadar dó an t‑íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t‑iomlán seo ar an altóir.

14. Nigh sé an t‑ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 9