Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 9:19-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Saill an daimh agus an reithe - an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae -

20. chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.

21. Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas

23. agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d'fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad.

24. Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 9