Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 9:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Mharaigh Árón an t‑íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.

13. Ansin thugadar dó an t‑íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t‑iomlán seo ar an altóir.

14. Nigh sé an t‑ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach.

15. Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d'ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.

16. Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.

17. An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 9