1. Ar an ochtú lá, ghlaoigh Maois ar Árón agus ar a chlann mhac agus ar sheanóirí Iosrael.
2. Dúirt sé le hÁrón: “Tóg lao d'íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad.
3. Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:
4. damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.’ ”