8. Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar,
9. an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin -
10. mar a bhaintear ón ainmhí a íobraítear san íobairt chomaoineach - agus ní foláir don sagart an méid sin a dhó ar altóir an uileloiscthe.
11. Ach seithe an tairbh agus a fheoil go léir agus a cheann agus a chosa agus a ionathar agus a otrach -
12. an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.
13. Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,
14. ofráladh an comhthionól tarbh óg gan mháchail ón táin mar íobairt pheaca nuair a thagann an peaca a rinneadar chun solais. Tugtar an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála,
15. agus leagadh seanóirí an chomhthionóil a lámha ar cheann an tairbh i láthair an Tiarna, agus maraítear an tarbh i láthair an Tiarna.
16. Ansin tugadh an sagart ungtha cuid de fhuil an tairbh go Both na Teagmhála.
17. Ansin tumadh an sagart a mhéar san fhuil agus croitheadh sé í seacht n‑uaire os comhair an fhéil i láthair an Tiarna.