Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 4:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Labhair le clann Iosrael agus abair:Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:

3. Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.

4. Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna.

5. Tógadh an sagart ungtha cuid d'fhuil an tairbh agus tugadh sé leis isteach i mBoth na Teagmhála í.

6. Tumadh an sagart ungtha a mhéar san fhuil agus croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire os comhair fhial an tsanctóra i láthair an Tiarna.

7. Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.

8. Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar,

9. an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin -

10. mar a bhaintear ón ainmhí a íobraítear san íobairt chomaoineach - agus ní foláir don sagart an méid sin a dhó ar altóir an uileloiscthe.

11. Ach seithe an tairbh agus a fheoil go léir agus a cheann agus a chosa agus a ionathar agus a otrach -

12. an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 4