8. Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.
9. Más ainmhí a bhíonn i gceist a d'oirfeadh mar ofráil don Tiarna, aon ainmhí den sórt sin a thugann duine don Tiarna, beidh sé coisricthe.
10. Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit - ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe.
11. Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n‑oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é.
12. Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé.
13. Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach.
14. Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach.
15. Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige.
16. Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t‑ómar eorna.
17. Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat.
18. Má dhéanann sé é a choisreacan tar éis bhliain na hiubhaile, déanadh an sagart an luach in airgead a mheas de réir an líon blianta fós go dtí an chéad iubhaile eile, agus déantar do luacháil a laghdú dá réir.