Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 27:25-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil.

26. Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n‑ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é.

27. Más ainmhí neamhghlan é, ní miste é a cheannach ar ais, ar an luach ar ar mheas tú é ach cúigiú leis; mura ndéantar é a fhuascailt, díoltar é ar an luach ar ar mheas tú é.

28. Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt - aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna.

29. Aon duine daonna a chuirtear faoi bhang, atá le scrios ó láthair daoine, ní féidir é a fhuascailt, ní foláir é a chur chun báis.

30. Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna.

31. Más mian le duine cuid dá dheachú a fhuascailt, cuireadh sé a cúigiú léi.

32. Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna.

33. Ná bíodh aon togha ná díogha na malartú. Má dhéantar malartú, déantar idir mhalairt ainmhí agus mhalartach a choisreacan don Tiarna, gan cead fuascailte.”

34. Sin iad na haitheanta a d'aithin an Tiarna do Mhaois thar ceann chlann Iosrael ar Shliabh Shíonái.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 27