Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 27:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a mhóidíonn duine luach pearsan don Tiarna agus gur mian leis a mhóid a chomhlíonadh,

3. ansin bíodh leathchéad seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain;

4. bíodh deich seicil fichead mar luach agat ar bhean;

5. bíodh fiche seicil mar luach agat ar bhuachaill idir cúig agus fiche bliain, agus deich seicil ar chailín.

6. Bíodh cúig sheicil airgid mar luach agat ar bhuachaill idir mí agus cúig bliana, agus trí sheicil ar chailín.

7. Bíodh cúig sheicil déag mar luach agat ar fhear ó thrí fichid amach, agus deich seicil ar bhean.

8. Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.

9. Más ainmhí a bhíonn i gceist a d'oirfeadh mar ofráil don Tiarna, aon ainmhí den sórt sin a thugann duine don Tiarna, beidh sé coisricthe.

10. Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit - ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe.

11. Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n‑oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é.

12. Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé.

13. Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach.

14. Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach.

15. Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 27