Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 26:38-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh.

39. A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n‑aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.

40. Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n‑aithreacha trína ndearnadar feall i m'aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,

41. i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,

42. ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.

43. Arna thréigean acusan, coimeádfaidh an talamh a shabóidí agus é bánaithe gan iad. Ach ní foláir dóibh leorghníomh a dhéanamh ina bpeaca, ó ba bheag orthu mo reachtanna agus ba fhuath leo mo dhlíthe.

44. Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.

45. Cuimhneoidh mé, ar a son, ar an gconradh a rinne mé lena sinsir a thug mé amach ó thír na hÉigipte os comhair na gciníocha d'fhonn go mbeinn i mo Dhia acu, mise, an Tiarna.”

46. Seo iad na reachtanna, na gnásanna, na dlíthe a bhunaigh an Tiarna idir é féin agus clann Iosrael ar Shliabh Shíonái trí láimh Mhaois.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 26