Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 26:12-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Mairfidh mé in bhur measc; beidh mé i mo Dhia agaibh, agus beidh sibh mar phobal agam.

13. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d'fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d'fhág mé ag siúl ceannard sibh.

14. Mura n‑éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh,

15. má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m'aitheanta,

16. ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 26