Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 25:39-54 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Má éiríonn do bhráthair taobh leat dealbh agus é féin a dhíol leat, ná leag saothar daoir air.

40. Bíodh sé amhail fear tuarastail nó deoraí agat, agus oibríodh sé duit go bliain na hiubhaile.

41. Ansin imíodh sé uait, é féin agus a chlann agus filleadh sé ar a mhuintir féin agus gabhadh sé seilbh arís ar a mhaoin dhúchais.

42. Óir is searbhóntaí liomsa iadsan agus thugas ón Éigipt amach iad agus níl siad le reic mar dhaoir.

43. Ná bí i do mháistir dian air, ach bíodh eagla do Dhé ort.

44. Maidir leis na daoir idir fhir is mhná a bheidh agat, tagaidís ó na ciníocha i do thimpeall; ceannaigh daoir agus daoirseacha uathusan.

45. Ní miste daoibh chomh maith iad a cheannach ó i measc na gcoimhthíoch a chónaíonn in bhur measc agus óna gclann a chonaíonn in bhur measc agus a saolaíodh ar bhur dtailte. Bíodh seilbh agaibh orthusan.

46. Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael.

47. Má éiríonn coimhthíoch nó deoraí in bhur measc saibhir agus bhur mbráthair taobh leis a fháil dealbh agus é féin a reic leis siúd, leis an gcoimhthíoch nó leis an deoraí in bhur measc nó le duine dá mhuintir siúd,

48. tar éis a reaca beidh ceart fuascailte aige agus féadann bráthair leis é a fhuascailt.

49. Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.

50. I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t‑am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí.

51. Má bhíonn a lán blianta le dul fós, ansin ní foláir dó, de réir líon na mblianta, cuid dá phraghas reaca a aisíoc ar son a fhuascailte.

52. Mura mbíonn ach an beagán blianta le dul go dtí bliain na hiubhaile, ní foláir dó táille a fhuascailte a mheas leis de réir líon na mblianta seirbhíse atá dlite uaidh.

53. Déantar an meastachán amhail is dá mba fhear ar tuarastal é ó bhliain go bliain. Féach chuige nach mbítear dian ar an bhfear.

54. Mura ndéantar é a fhuascailt ar aon slí díobh sin scaoiltear saor é i mbliain na hiubhaile, é féin agus a chlann in éineacht leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 25