28. Ach mura mbíonn go leor maoine aige chun é a fháil ar ais uaidh féin, ansin fanadh a mbíonn díolta aige i seilbh an té a cheannaigh go bliain na hiubhaile; i mbliain na hiubhaile ní foláir dósan é a scaoileadh agus fillfeadh sé siúd ar a shealúchas.
29. Má dhíolann duine teach cónaithe i gcathair chaisil, beidh ceart fuascailte aige air go ceann bliana tar éis é a dhíol. Ní mhairfidh a cheart fuascailte thar bhliain.
30. Mura bhfuasclaítear é laistigh de bhliain slán, bíodh an teach seo sa chaiseal de sheilbh dhílis shíoraí ag an té a cheannaigh agus ag a shliocht; ní scaoilfear leis sa iubhaile.
31. Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile.
32. Ach maidir le cathracha na Léivíteach, beidh ceart fuascailte acu chun aon sealúchais leo sna cathracha go brách.
33. Mura gcuireann Léivíteach a cheart fuascailte i bhfeidhm, tagadh an ceannaitheoir amach sa iubhaile as an teach a díoladh agus filleadh sé ar a theach féin, ar an mbaile ina bhfuil ceart seilbhe aige. Óir na tithe i gcathracha na Léivíteach is leo iad i measc chlann Iosrael.
34. Agus an talamh beatha coimín timpeall ar na cathracha seo, ní féidir é a dhíol mar is leo é go brách.
35. Má éiríonn do bhráthair atá farat dealbh, agus nach féidir leis é féin a chothú farat, ní foláir duit é a chothú mar a dhéanfá deoraí nó aoi, agus maireadh sé fós farat.
36. Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh; bíodh eagla do Dhé ort agus lig do do dheartháir maireachtáil farat.
37. Ná tabhair iasacht airgid ar ús dó, agus ná tabhair bia dó ag súil le breis.