Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 25:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire.

13. I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais.

14. Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.

15. Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat.

16. Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.

17. Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.

18. Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.

19. Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.

20. Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,

21. d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.

22. Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 25