1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. “Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m'ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna.
3. Abair é seo leo:Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n‑íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna.
4. Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,
5. nó a dhéantar neamhghlan trí bhaint le snáfach éigin, nó le duine eile a d'fhág air a neamhghlaine féin, cibé sórt í -
6. sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce.
7. Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó.