15. Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.”
16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17. “Abair le hÁrón:Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.
18. Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha,
19. nó leonta ó chois nó ó láimh,
20. nó atá ina chruiteachán nó ina fhíothal, ná aon duine ar a bhfuil máchail radhairc nó craicinn, nó cneá shilidh, ná atá coillte.
21. Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air.
22. Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,
23. ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”
24. D'inis Maois an méid sin d'Árón agus dá mhic, agus do chlann Iosrael go léir.