1. Dúirt an Tiarna le Maois: “Labhair leis na sagairt, clann Árón, agus abair leo gan aon duine díobh á thruailliú féin trí dhul i ngar marbháin dá theaghlach,
2. seachas na gaolta is gaire dhó - a mháthair nó a athair nó a mhac nó a iníon, nó a dheartháir.
3. Ní miste dó dul faoi neamhghlaine ar son a dheirféar más ógh í; is gairid é a gaol leis mar go bhfuil sí fós gan céile fir.
4. Ná déanadh sé é féin a thruailliú ar son [deirféar] pósta; d'fhágfadh sin neamhghlan é.
5. Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp.
6. Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
7. Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.