Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 20:17-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air.

18. Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.

19. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar ná dheirfiúr do mháthar, óir sin duine ag nochtadh a fheola féin; bíodh deasca a gcoire orthu.

20. An fear a luíonn le bean a uncail: Bhain sé an folach de nochtacht a uncail. Bíodh deasca a gcoire orthu, agus bás gan sliocht dóibh.

21. An fear a ghabhann bean a dhearthár chuige mar chéile: Sin col. Bhain sé an folach de nochtacht a dhearthár. Bás gan sliocht dóibh.

22. Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.

23. Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.

24. Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.

25. Uime sin ní foláir daoibh an t‑ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t‑éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.

26. Bígí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh.

27. Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu. Bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 20