Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 20:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Abair le clann Iosrael:Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air.

3. Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.

4. Má thugann muintir na tíre an tsúil chaoch ar aon slí don duine sin agus é ag tabhairt leanbh leis do Mhoilic, agus gan é a chur chun báis,

5. tabharfaidh mé aghaidh air féin agus ar a threibh, agus gearrfaidh mé amach ona bpobal iad - é féin agus cách a leanann é ag déanamh striapachais i ndiaidh Mhoilic.

6. Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.

7. Coisricigí sibh féin dá bhrí sin agus bígí naofa óir is mise an Tiarna bhur nDia.

8. Coimeádaigí mo dhlíthe agus leanaigí iad, óir is mise an Tiarna a dhéanann naofa sibh.

9. Uime sin:Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin.

10. Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.

11. Fear a luíonn le bean a athar, bhain sé an folach de nochtacht a athar. Cuirtear iad araon chun báis; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

12. Fear a luíonn le bean a mhic: cuirtear iad araon chun báis. Thruaillíodar a chéile; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

13. Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

14. Fear a ghabhann chuige bean agus a hiníon: sin corbadh. Loisctear le tine iad, eisean agus iadsan; ná bíodh aon chorbadh in bhur measc.

15. Fear a luíonn le hainmhí: cuirtear chun báis é agus maraítear an t‑ainmhí chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 20