Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 2:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bris ina píosaí í, agus doirt ola uirthi, óir is ofráil bhia í.

7. Más abhlann bruite san oigheann do ofráil, bíodh sí de phlúr mín, bruite le hola.

8. Tabhair leat an abhlann a ullmhaíodh ar an gcuma sin chun an Tiarna agus cuir i láthair an tsagairt í agus tabharfaidh seisean chun na haltóra í.

9. Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

10. Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

11. Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna.

12. Ní miste iad a thabhairt chun an Tiarna mar ofráil chéadtorthaí ach nílid le dul suas mar chumhracht thaitneamhach ar an altóir.

13. Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt.

14. Más céadtorthaí a bhíonn á n‑ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.

15. Cuir ola leis agus túis chumhra air; is abhlann é.

16. Mar chuid chuimhnithe, dódh an sagart cuid den ghrán meilte agus den ola agus an túis chumhra go léir; is íobairt dhóite don Tiarna í.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 2