Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 17:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é.

10. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.

11. Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n‑anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama.

12. Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc.

13. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.

14. Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.

15. Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.

16. Ach mura ndéanann sé a éadach ná a chorp féin a ní, bíodh deasca a lochta air.”

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 17