Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 15:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Aon diallait ina suíonn fear an tsilte, bíodh sí neamhghlan.

10. Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

11. Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.

12. Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce.

13. Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan.

14. Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.

15. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.

16. Nuair a sceitheann fear a shíol, déanadh sé a chorp go léir a ionladh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

17. Aon bhall éadaigh nó leathair a mbainfidh an sceith síl leis, ní foláir é a ní le huisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

18. Má luíonn fear le bean agus go sceitheann síol, déanaidís araon iad féin a ionladh, agus beidh siad neamhghlan go nóin.

19. Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 15