Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 14:34-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. “Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis,

35. tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: ‘Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.’

36. Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh,

37. agus má aimsíonn sé ina iniúchadh paistí glasa nó cróna galair ar na ballaí, agus iad ag dul faoi chneas,

38. ansin téadh an sagart lasmuigh de dhoras, ón teach amach, agus dúnadh sé an teach ar feadh seacht lá.

39. Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,

40. tugadh an sagart ordú na clocha ina bhfuil an galar a thógáil agus a chaitheamh in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

41. Cuireadh sé an teach go léir á scríobadh laistigh, agus an screamh a scríobfar de, caitear í in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

42. Ansin leagtar clocha eile in áit na gcloch úd agus plástráiltear brat nua plástair ar an teach.

43. “Má bhriseann an galar amach arís tar éis na clocha a thógáil chun siúil agus an teach a scríobadh agus a athphlástráil,

44. tagadh an sagart á iniúchadh; má fheiceann sé gur leath an galar, ciallaíonn sin go bhfuil lobhra thógálach sa teach; tá sé neamhghlan.

45. Ní foláir an teach a scartáil, idir chlocha agus admhad agus phlástar, agus iad seo a iompar go háit neamhghlan lasmuigh den chathair.

46. “Aon duine a théann isteach sa teach agus é dúnta, bíodh sé neamhghlan go nóin.

47. Aon duine a chodlaíonn ann, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus aon duine a itheann sa teach, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní.

48. Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 14