Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 14:29-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. An chuid eile den ola a fhanfaidh ar a bhois, cuireadh sé é ar cheann an té atá le glanadh, ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar a shon i láthair an Tiarna.

30. Agus dála an dá cholm nó an dá ghearrcach colúir, más acmhainn dó iad,

31. déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.

32. “Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.”

33. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón, agus dúirt:

34. “Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis,

35. tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: ‘Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.’

36. Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh,

37. agus má aimsíonn sé ina iniúchadh paistí glasa nó cróna galair ar na ballaí, agus iad ag dul faoi chneas,

38. ansin téadh an sagart lasmuigh de dhoras, ón teach amach, agus dúnadh sé an teach ar feadh seacht lá.

39. Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,

40. tugadh an sagart ordú na clocha ina bhfuil an galar a thógáil agus a chaitheamh in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

41. Cuireadh sé an teach go léir á scríobadh laistigh, agus an screamh a scríobfar de, caitear í in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

42. Ansin leagtar clocha eile in áit na gcloch úd agus plástráiltear brat nua plástair ar an teach.

43. “Má bhriseann an galar amach arís tar éis na clocha a thógáil chun siúil agus an teach a scríobadh agus a athphlástráil,

44. tagadh an sagart á iniúchadh; má fheiceann sé gur leath an galar, ciallaíonn sin go bhfuil lobhra thógálach sa teach; tá sé neamhghlan.

45. Ní foláir an teach a scartáil, idir chlocha agus admhad agus phlástar, agus iad seo a iompar go háit neamhghlan lasmuigh den chathair.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 14