Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 14:16-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Tumadh sé méar dá láimh dheas san ola i mbois a láimhe clé agus croitheadh sé an ola seacht n‑uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.

17. Ansin cuireadh sé cuid den ola a fhanfaidh ar a bhois ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, agus ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise - anuas is é sin ar fhuil an íobairt leorghnímh.

18. Fuílleach na fola i mbois a láimhe cuireadh an sagart é ar cheann an té atá le glanadh. Mar sin a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh i láthair an Tiarna.

19. Ansin ofráladh an sagart an íobairt pheaca agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh ar son an té atá le glanadh. Maraíodh sé ina dhiaidh sin íobarthach an uileloiscthe,

20. agus íobraíodh an sagart an íobairt uileloiscthe agus an abhlann ar an altóir. Nuair a bheidh gnás an leorghnímh comhlíonta ag an sagart dó ar an gcuma sin, bíodh sé glan.

21. “Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola,

22. agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir - más acmhainn dó iad - ceann d'íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh.

23. Ar an ochtú lá ní foláir dó iad a thabhairt chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna ar son a ghlanta.

24. Tógadh an sagart an t‑uan don íobairt leorghnímh agus an log ola agus cuireadh sé i láthair an Tiarna iad leis an dleacht ar leith a ofráil.

25. Ansin maraíodh sé an t‑uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

26. Ansin doirteadh an sagart cuid den ola ar bhois a laimhe clé,

27. agus croitheadh sé cuid den ola atá ar a láimh chlé seacht n‑uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.

28. Cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, ar ordóg á láimhe deise, ar ordóg a choise deise, mar a rinne le fuil an íobairt leorghnímh.

29. An chuid eile den ola a fhanfaidh ar a bhois, cuireadh sé é ar cheann an té atá le glanadh, ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar a shon i láthair an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 14