Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 14:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna le Maois:

2. “Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.

3. Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach,

4. ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe.

5. Ordaíodh an sagart ceann de na héin a mharú i soitheach cré os cionn uisce reatha.

6. Ansin beireadh sé leis an t‑éan beo, an t‑admhad céadrais, an t‑ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t‑éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha.

7. Agus craitheadh sé seacht n‑uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t‑éan beo.

8. An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.

9. Ar an seachtú lá bearradh sé a ghruaig go léir - idir cheann, mhalaí agus fhéasóg; bearradh sé a ghruaig on bpréamh. Tar éis dó a chuid éadaigh agus é féin a ní, bíodh sé glan. ”

10. “Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.

11. An sagart a bhíonn ag comhlíonadh ghnás an ghlanta, tugadh sé an té atá le glanadh agus a ofrálacha os comhair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála.

12. Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.

13. Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.

14. Tógadh an sagart fuil na híobartha seo, agus cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té a bhíonn á ghlanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

15. Ansin tógadh an sagart an log ola agus doirteadh sé cuid de ar bhois a láimhe clé.

16. Tumadh sé méar dá láimh dheas san ola i mbois a láimhe clé agus croitheadh sé an ola seacht n‑uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 14