Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 13:36-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. ansin scrúdaíodh an sagart é, agus má bhíonn an tine dhia leata ar an gcneas dáiríre, fágann sin go bhfuil an t‑othar neamhghlan, agus ní gá don sagart an fionnadh buí a chuardach.

37. Ach má bhíonn an tine dhia ceansaithe dar leis, agus go mbíonn fionnadh dubh ag fás arís uirthi, fágann sin go bhfuil an tine dhia leigheasta. Tá sé glan. Fógraíodh an sagart glan é. ”

38. “Má sceitheann pucháin ar chneas fir nó mná, agus iad ina spotaí bána,

39. déanadh an sagart iniúchadh orthu; má bhíonn na pucháin bán mílítheach, is gríos a sceith ar an gcneas; tá an t‑othar glan.”

40. “Má thiteann gruaig a bhlaoisce de dhuine, bíonn sé pláitíneach, ach glan.

41. Má thiteann an ghruaig de chlár a éadain agus dá uiseanna, bíonn maoile éadain air, ach bíonn sé glan.

42. Ach má thagann fiolún bándearg ar a bhlaosc nó ar a éadan maol, sin lobhra ag teacht ar bhlaosc mhaol nó ar éadan maol an duine.

43. Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis,

44. fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”

45. “An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

46. Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

47. “Nuair a thagann lobhra ar éadach - bíodh sé d'olann nó de líon,

48. bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -

49. agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 13