Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Léivític 1:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Leagadh clann Árón, na sagairt, na píosaí, agus an ceann, agus an tsaill in ord ar an mbrosna ar an tine ar an altóir.

9. Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

10. Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.

11. Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

12. Gearradh sé ina phíosaí é, leis an gceann agus an tsaill, agus cóiríodh an sagart na píosaí, ar an mbrosna ar an tine ar an altóir.

13. Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

14. Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir.

15. Déanadh an sagart é a ofráil ag an altóir, agus a cheann a stoitheadh de agus é sin a dhó ar an altóir. Fáisceadh sé an fhuil as ar thaobh na haltóra.

16. Ansin baineadh sé an eagaois as agus na cleití de, agus iad a chaitheamh láimh leis an altóir ar an taobh thoir mar a gcuirtear an luaithreach.

17. Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Léivític 1