4. Greamaíonn teanga an naíonáin chíchedá charball leis an tart;iarrann na leanaí arán,ach ní thugtar dóibh é.
5. An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí,tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;iad siúd a tógadh in éadach corcra,luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
6. Is mó pionósú mo phobail ionúinná smachtú Shodom,a scriosadh ar an toirtgan aon duine a leagan lámh uirthi.
7. Ba ghile a flatha ná an sneachta;ba bháine iad ná bainne;ba dheirge corp iad ná an coiréalagus ba chosúil le saifír a gcló.
8. Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche;ní aithnítear iad sna sráídeanna;tá an craiceann craptha ar a gcnámha;tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.
9. B'ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomhná iad siúd a fuair bás den ghorta,a bhíodh á snoí agus á n‑ídiú go mall righincheal torthaí na talún.
10. Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh,bhruith siad a leanaí lena lámha féin;is iad a bhíodh mar bhia acu,nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.
11. Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach;tháinig lasair feirge fíochmhaire ann;d'adhain sé tine i Síón,a loisc a bunsraitheanna.
12. Níor chreid ríthe an domhain mhóirná duine ar bith dá maireann ar an saolgo rachadh namhaid nó eascara dá laghadisteach trí gheataí Iarúsailéim.
13. A mhilleán sin ar pheacaí a fáitheagus ar chionta a sagart,a dhoirt amach laistigh difuil na bhfíréan.
14. D'imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill;bhí siad truaillithe le fuil,sa chaoi nárbh fhéidir le haon duinebaint lena mbaill éadaigh.
15. “Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo,“Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!”Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún:“Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”
16. Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu;níor chuimhnigh sé orthu níos mó;níor tugadh urraim do na sagairtná ómós do na seanóirí.
17. Mheath ár súile orainn,ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh;bhíodh súil in airde againn ónár dtúir fairele náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.
18. Coinníodh lenár sálasa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna;bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite;níorbh fhada uainn ár dturnamh.
19. Bhí ár lucht géarleanúna níos mirená iolair an aeir;chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhteagus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.