Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 4:3-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑uchtagus tugann siad an chíoch dá gcoileáin;ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíochle hostraisí an fhásaigh.

4. Greamaíonn teanga an naíonáin chíchedá charball leis an tart;iarrann na leanaí arán,ach ní thugtar dóibh é.

5. An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí,tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;iad siúd a tógadh in éadach corcra,luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.

6. Is mó pionósú mo phobail ionúinná smachtú Shodom,a scriosadh ar an toirtgan aon duine a leagan lámh uirthi.

7. Ba ghile a flatha ná an sneachta;ba bháine iad ná bainne;ba dheirge corp iad ná an coiréalagus ba chosúil le saifír a gcló.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 4