Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 4:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ochón!Nach murtallach a d'éirigh an t‑ór!Cad é mar a d'athraigh an mínóragus mar atá clocha an tsanctóra scaiptheag cúinne gach sráide!

2. Clann mhac oirirc Shíón,ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad,mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré,mar dhéantúis lámh an photaire.

3. Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑uchtagus tugann siad an chíoch dá gcoileáin;ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíochle hostraisí an fhásaigh.

4. Greamaíonn teanga an naíonáin chíchedá charball leis an tart;iarrann na leanaí arán,ach ní thugtar dóibh é.

5. An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí,tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;iad siúd a tógadh in éadach corcra,luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.

6. Is mó pionósú mo phobail ionúinná smachtú Shodom,a scriosadh ar an toirtgan aon duine a leagan lámh uirthi.

7. Ba ghile a flatha ná an sneachta;ba bháine iad ná bainne;ba dheirge corp iad ná an coiréalagus ba chosúil le saifír a gcló.

8. Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche;ní aithnítear iad sna sráídeanna;tá an craiceann craptha ar a gcnámha;tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 4