Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 2:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamhde bhalla iníon Shíón;shín sé an dorú tomhais leisagus níor stad sé go raibh sé scriosta;chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhúnsa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.

9. Tá a geataí sáite sa talamh;mar réab sé agus bhris sé a mbarraí;tá a rí agus a flatha i measc na náisiúnagus níl aon dlí ann níos mó;go fiú ní bhfaigheann a cuid fáitheaon fhís ar bith ón Tiarna.

10. Tá seanóirí iníon Shíónina suí ar an talamh ina dtost,luaithreach caite ar a gceann acuagus iad gléasta in éadach róin;tá a gceann cromtha go talamhag maighdeana Iarúsailéim.

11. Tá mo shúile tnáite le caoineadhagus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;tá mo chroí á reabadh le brónmar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin;óir tá naíonáin agus leanaí cícheag snoí i gcearnóga na cathrach.

12. Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha“Cá bhfuil an t‑arán (agus an fíon)?”agus iad ag titim mar dhaoine gontai gcearnóga an bhaile,agus an t‑anam ag sceitheadh astui mbaclainn a máithreacha.

13. Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail,a iníon Iarúsailéim?Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású,a iníon ógh Shíón?Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige.Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?

14. Chonaic do chuid fáithe thar do cheannfíseanna folmha fealltacha;níor nocht siad duit d'urchóid,rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint;ní bhfuair siad thar do cheann sna físeannaach oracail bhréagacha mhealltacha.

15. Na daoine uile a ghluaiseann tharat,buaileann siad a mbosa i d'aghaidh;déanann siad faireach agus croitheann siad a gceannle hiníon Iarúsailéim:“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

16. Osclaíonn do naimhde uile a gcraoschun tú a shlogadh;déanann siad faireach agus díoscán fiacal;“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;tá sé buailte linn anois go soiléir.”

17. Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;an rabhadh a thug sé fadó riamhtá sé curtha i gcrích aige anois;tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;rinne sé ábhar suilt do do naimhde díotagus chuir sé go mór lena gcumhacht.

18. Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,a bhalla iníon Shíón;bí ag tál na ndeor ina dtuilede lá agus d'oíche;ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;nár thriomaí do shúile choíche.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 2