4. Theann sé a bhogha mar namhaidagus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;rinne sé ár orthu siúdar lán a shúl iad tráth;lig sé a racht amach mar thinear bhoth iníon Shíón.
5. D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid;rinne sé Iosrael a mhilleadh;scartáil sé a caisleáin go léir;leag sé a dúnta daingne;mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnacha bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
6. Scrios sé an gairdín agus a bhoth;chreach sé a ionad teagmhála;i Síón chuir an Tiarna ar cealan tionól féiliúil agus an tsabóid;le racht cuthaigh thug sé droim láimhedon rí agus don sagart araon.
7. Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;ghlac sé fuath dá shanctóir;chuir sé ballaí a caisleáni seilbh a naimhde nimhneacha;tógadh gártha i dteach an Tiarnamar a thógfaí ar fhéile reachtúil.