Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 2:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Na daoine uile a ghluaiseann tharat,buaileann siad a mbosa i d'aghaidh;déanann siad faireach agus croitheann siad a gceannle hiníon Iarúsailéim:“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”

16. Osclaíonn do naimhde uile a gcraoschun tú a shlogadh;déanann siad faireach agus díoscán fiacal;“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;tá sé buailte linn anois go soiléir.”

17. Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;an rabhadh a thug sé fadó riamhtá sé curtha i gcrích aige anois;tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;rinne sé ábhar suilt do do naimhde díotagus chuir sé go mór lena gcumhacht.

18. Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,a bhalla iníon Shíón;bí ag tál na ndeor ina dtuilede lá agus d'oíche;ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;nár thriomaí do shúile choíche.

19. Éirigh! Glaoigh amach san oíchei dtús gach seala faireacháin!lig do racht bróin amach mar thuilei láthair an Tiarna!Ardaigh chuige do lámhaar son bheatha do leanaí óga,(atá ag titim i laige le hocrasag béal gach uile shráide).

20. Féach, a Thiarna, agus breathnaighar cé hí ar chaith tú léi mar seo;ní féidir gurbh éigean do mhnánaíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe;ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithea mharú i sanctóir an Tiarna!

21. Tá óg agus aosta ina luíar an talamh sna sráideanna;tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titimle faobhar an chlaímh;tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge;rinne tú sléacht orthu gan trua.

22. Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh,mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile;níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéilar lá dhíbheirge an Tiarna;an chlann a rug agus a thóg mé,dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 2