Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 2:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ochón!Tá an Tiarna tar éis duibhe a churar iníon Shíón le corp cuthaigh;theilg sé ó neamh go talamháilleacht Iosrael;níor chuimhin leis stóilín a chosar lá a chuid díbheirge.

2. Scrios an Tiarna go neamhthrócaireacháitribh uile Iacóib;chreach sé go fíochmhar feargachdúnta iníon Iúdá;leag sé ar lár agus thruailligh séan ríocht agus a flatha.

3. Bhasc sé le fraoch feirgecumhacht uile Iosrael;níor thug sé tacaíocht a dheasláimhein aghaidh an namhad;las sé suas in Iacób mar chraos tinea d'ídigh a raibh ina thimpeall.

4. Theann sé a bhogha mar namhaidagus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara;rinne sé ár orthu siúdar lán a shúl iad tráth;lig sé a racht amach mar thinear bhoth iníon Shíón.

5. D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid;rinne sé Iosrael a mhilleadh;scartáil sé a caisleáin go léir;leag sé a dúnta daingne;mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnacha bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.

6. Scrios sé an gairdín agus a bhoth;chreach sé a ionad teagmhála;i Síón chuir an Tiarna ar cealan tionól féiliúil agus an tsabóid;le racht cuthaigh thug sé droim láimhedon rí agus don sagart araon.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 2