Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 1:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Pheacaigh Iarúsailéim go trom;dá dheasca sin is neamhghlan í anois;an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;óir, chonaic siad lomnocht í;ach bíonn sise ag caoineadh de shíoragus tugann sí a cúl leo.

9. Tá a salachar féin ar a sciortaí;níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;ó nach tubaisteach é a turnamh!Níl sólásaí ar bith aici.“Féach, a Thiarna, ar m'ainnise;is ag mo naimhde atá an bua.”

10. Shín a heascairde a lámha amachchun a maoinese go léir;chonaic sise na náisiúinag réabadh isteach ina sanctóir -an dream ar chros tú féin orthudo chomhthionól a thaithí.

11. Bíonn a muintir uile ag éamhagus arán á lorg acu;malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhiachun iad féin a neartú arís.“Féach, a Thiarna, agus breathnaighar an drochmheas a chaitear orm.

12. Sibhse uile a thriallann thar bráid,breathnaígí agus féachaigían bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa -mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí,a chuir an Tiarna féin orm,ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.

13. Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámhaa rug greim daingean orthu go léir;leath sé líon do mo chosaagus thug orm casadh ar ais;d'fhág sé go tréigthe méagus mé go dona tinn ó lá go lá.

14. Tá mo chionta ceangailte ina gcuing;fíodh le chéile iad ina lámhasanagus ardaíodh iad ar mo mhuineál;eisean ba chúis le lagú mo nirt;thug an Tiarna ar láimh dóibh mésa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.

15. Na gaiscígh uile a bhíodh agam,tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;thug sé slua le chéile i m'aghaidhchun mo chuid ógánach a chloí;tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoirar iníon fhíorógh Iúdá.

16. Sin an fáth a mbím ag caoiagus ag sileadh na súl go fuíochÓir, is fada uaim aon sólásaía mhúsclódh mo mheanma arís.Tá mo chlann mhac treascartha tréigthemar is é an namhaid a rug an bua.

17. Leathann Síón a lámha amach;níl sólásaí ar bith aici;thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóiba chomharsana a bheith naimhdeach dó;rud éigin neamhghlan ina meascis ea Iarúsailéim.

18. Is cothrom cóir é an Tiarna;ach bhí mise easumhal dá ordú;éistigí, mar sin, a chiníocha uile,agus breathnaígí ar m'ainnise;tá mo mhaighdeana agus m'ógánaighimithe uaim i mbraighdeanas.

19. Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;ach chlis siad go léir orm;mo shagairt agus mo sheanóirí uile,díothaíodh iadsan sa chathair,nuair a bhí siad ag cuardach biachun iad féin a neartú arís.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 1