Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 1:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ag a naimhde atá an ceannas;tá a heascairde uile faoi rath;óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadhde dheasca oll-líon a peacaí;tá a leanaí imithe ina gcimíos comhair a namhad amach.

6. Tá a mórgacht uile leáiteó iníon Shíón;ba chosúil a flatha le fiannanach raibh féarach acu níos mó;bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríochroimh an tóir a cuireadh orthu.

7. Is cuimhin le Iarúsailéim anoisa laethanta angair agus fáin,nuair a thit a muintir lena naimhdeagus gan cabhróir dá laghad acu.Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.

8. Pheacaigh Iarúsailéim go trom;dá dheasca sin is neamhghlan í anois;an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;óir, chonaic siad lomnocht í;ach bíonn sise ag caoineadh de shíoragus tugann sí a cúl leo.

9. Tá a salachar féin ar a sciortaí;níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;ó nach tubaisteach é a turnamh!Níl sólásaí ar bith aici.“Féach, a Thiarna, ar m'ainnise;is ag mo naimhde atá an bua.”

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 1